Best of Myles
Page 30
Bhéadh leagan Gaedhilge ar ‘ULYSSES’ comh bréagach le fáilte lucht gaimbín.
Acht ’na dhiaidh sin, deirtear linn nach ‘IRISH LITERATURE’ an leabhar is luachmhaire a tháinig as Éirinn leis na cianta.
RUD EILE FÓS
Is den tír seo go smior gach siolla dár scríobh an Seóigheach riamh. Tá an blas agus boladh go h-údarásach ar a shaothar tríd síos. Níl an mothú céadna Gaelach ná blúire de ar shaothar Phádraig Uí Chonaire. Ní h-amhlaidh go raibh an Seoigheach ‘níos Gaelaí’ ná an fear eile acht gur thuig sé a cheárd ó bhun go bárr, go raibh d’éirim agus d’acfuinn agus d’ealadhain ann a raibh aige ina cheann do chuir i dtuigsint don léightheôir agus ni beag sin.
Agus féach an ‘CROCK OF GOLD’ le James Stephens. Níor scríobhadh riamh (agus ní scríobhfar ní dóigh liom) aon leabhar i nGaedhilg atá leath comh Gaedhleach leis. Tá Gaelachas sa leabhar san atá níos Gaelaí ‘ná an Ghaedhlig féin.
Agus tá greann thar na beartaibh ann, rud nach bhfuil le fagháil thoir ná thiar i ‘Litríocht na Gaedhilge’.
Acht ní ‘IRISH LITERATURE’ an leabhar aoibhinn seo. Bféidir gur ‘ENGLISH LITERATURE’ é.
FOCAL SCUIR
Tuigtear an méid seo. Ní chumann ná ní chruthuigheann litríocht an saol acht leanann sí é. Beidh litríocht náisiúnta na h-Éireann i nGaedhilg amháin ní h-eadh an lá ar a bhfuil an Ghaedhilg á labhairt airís go forleathan ar fúd na tíre, acht céad bliain, bféidir, taréis an lae sin. Ní ar indiú, ná amáireach, atá an deaghúdar ag féachaint, acht indé. An f had go mbíonn Gaedhilg agus Béarla in Éirinn againn is dual dúinn litríocht sa dá theangaidh.
Ní fiú mórán go fóill litríocht na nua-Gaedhilge. Ghoid Sasana a lán neithe maithe uainn—an Ghaedhilg féin.
Faire nach dtabharfamuid anois mar féirin do Shasana an rud beag amháin ealadhna atá nua-dhéanta againn, ár litríocht ghall-Ghaelach. Is beag atá againn in a h-éaghmuis.
Tugann ‘An Glór’ ‘Ersatz Irish Literature’ ar ár saothar liteardha i mBéarla cuid den ‘Nua—Litriocht ata againn i Gaedhilg ba mhaith an teideal di ‘Erse-atz Irish Literature’ dar liomsa.
Do réir an fhoclóra ‘PIARÓID’ an Deaghghaoidhilg ar ‘parrot’ acht mise nár ghéill riamh do dhaoine nach aithnid dhom i gcúrsaí gramadaighe ná briathrachais, ní ghlacfaidh mé le ‘Piaróid’. Is fearr liom pearat. Tráth i n-Éirinn bhí Teach Mór i gceanntar áirithe agus bhí buic uaisle gallda ’na gcomhnuide ann. Bhi mná caola buidhe aca ann agus iad amuigh ag íascaireacht, ag ridireacht ar muin capaill, ag seilg, ag lámhach agus ag déanamh gach ní is dual do bhean uasal atá ‘Conndae’. Bhí na fir uaisle ar an déanamh céadhna acht amháin gur chaitheadar a lán ama i bhfeighil agus i mbun Snúcoir. Bhíodar go léir eadar fearaibh agus peatai go galánta thoití-toití agus bhí na tuaithe urramach dóibh.
Bhí pearat uasal as an t-Sín ag na daoine móra so sa Teach Mhór agus bhí deis urlabhra bronnta ag Dia ar an bpearat. Ní nach ró-iongnadh, labhair sé le guth a mhaighistir. Lá amhán, d’eírig leis an bpearat ealodh as a bhosca. Bhí fuinneóg an t-seomra ar oscailt agus amach leis an chréatúr Sineach ag folamhain go ciotach cigilteach i measg na gcraobh amuigh.
DARA LEATH AN SCÉIL
Taréis tamaill éon éan ag taisteal san aer uachtarach, tháinig sé ar bhothán shuarach abhí i seilbh sliocht Éremon agus Éber—Padaí bocht éigin a bhí mar sclábhuidhe ar Thailte an Tighe Mhóir ar phighin sa lá.
Tháinig an pearat anuas ar dhíon an bhotháin agus shuidh annsin i n-áirde agus é ag leigint an tuirse as taréis a thurais.
Tháinig an fear fiadhain Padaí amach le na dreancaidi a chraitheadh dá chuid ‘éadaigh’ agus bhraith sé an créatúr allmhordha eadrocht ar mhullach a thíghe, sómpla iongantach i bfuirm éin le dathanna go léir na gréine ’na ruball.
Ghlac an scológ bocht íontas dá leithéid seo agus ghlaodh ar a theaglach eadar bean agus fiche paiste teacht ag breathnú an tsamhla neamhshaolta. Annsin smaoinigh sé go raibh tairbhe aige le fáil acht breith ar an rud agus b’fhéidir é dhiol le lucht an tíghe mhóir.
Ní túisce an obair sin beartuithe aige ná é ’na bun go dioghrasach. Le mórán duaidh chuaidh se in áirde ar mhullach a thighe agus bhog go faichilleach i dtreo an phearait.
Níor chorruigh an t-éan iar-ráidhte seo. Go h-obann rug Padaí greim ar an gcois bhig bhuidhe agus gan mhoill fuair sé sruth cainnte i gcanamhain uasal an Tighe Mhóir.
‘How daeh you, Sir: How daeh you?
‘Oi big yer pardon sor’ arsa Padaí go scannruithe ‘Oi tought you was a burd. Ackscoos me, Sor, yer honour’.
SMAOINTE
Tá litríocht na Gaedhilge agus gach litríocht eile ar a bhfuil eolas ar bith agam lán de stuif molta croidhiúil i dtaobh éanacha an aeir. Ní féidir go leor a rádh ar mhaithe leis na créathuirí beaga clúmhacha abhíonn ag cantain agus ag ceileabhar agus ag píobarnaigh i measc na gcraobh.
Ní cuala, a luin Doire an Chairn, ceol ba bhinne ná do cheol is tú fa bhun do nid.
Fáilte do éan is binne ar chraoibh; A Bhunnáin bhuidhe, sé mo leán do luighe agus mar sin de go bruinne an bhrátha.
Aoinne a mheabhruigheas an cogadh so atá ar siubhal agus an scrios fuilteach atá a dheanamh gach lá tuigfidh sé gur na h-éanacha atá cionntach 80 sa chéad ann.
Gan amhras, is dual achrann don duine. Bíodh na h-éanacha ann nó as, bheadh cogadh de chineal éigin ar siubhal againn-ne na daoine. Acht ní bheadh an t-ár uathbhásach agus an léirscrios millteanach is aithnid comh maith dúinn indiu indéanta ar chaoi ar bith meireach na h-eitileáin. Agus ni bheadh eitileán againn go deo meireach na h-éanacha.
An chéad fear riamh a bhraith éan ag sciordadh go glan glic tríd an aer, ag treasnú gach baic agus toirmisc tíre, thainic éad air. Is le neamhfhonn taréis an lae sin a thaisteal sé an domhan ar a chosa troma toirseacha do-bogtha. Bhí an síol curtha. Leis na mílte bliain bheadh an gam daonna ag tnúth le caoi éigin gluaiste ar fud na spéire agus bheadh na h-éanacha go deo á ghriogadh leis an ghaois aerdha a bhí aca féin ó dhúthchas.
Orainne na linne seo ata an mí-ádh go bhfuil maighstreacht fálta againn ar an aer níos fearr ná mar bhí riamh ag na gobadáin. Beidh cnumha á ithe againn fós!
Seadh, ‘ROSS’ iseadh an ghearmáinis ar ‘capall’ Féach an t-seanf hocal úd—‘Ní dhéanfaidh an saol capall (Ross) d’asal. ‘cé soir du mois de ianbhier, 1882 le promenoir des Foilies Bergere regorgeait de monde ‘Il était dies heures et demie lá premiere partie du programme bhenait de finir sur un chatoiant ballet …’
Slánabhaile Eh? Kod ay soh?
Mise: Saothar beag stairiúil. An chéad uair riamh ó cruthuigheadh an domhan a cuireadh Frainncis sa chló Ghaelach.
Slánabhaile: Ock Kunahayv?
Mise: Dochum neartuighthe clú Mhílis ar ghliocas agus dochum onóra na h-Éireann agus na Frainnce, dhá thír atá gaolta agus comhchairdiúil maidir le suim sa bhantracht, spéis i ndigh, clisteacht cainnte, fallsacht, bitheamhnachas agus ansmacht.
Slánabaile: Tigim. Guramahagut.
Ceist: Conus mar d’éirigh le James Joyce le linn dó comhnuidhe agus buan-mhaireachtaint do dhéanamh i ríocht na Frainnce?
Freagra: D’éirigh le Séamus go Seoighe.
Ceist: Agus conus mar saothraig sé a choid?
Freagra: Le Uilís a mhallacha.
Ceist: Cad a d’ól sé?
Freagra: Chartreuse.
Ceist: Agus cad a bhí uime mar éadach ar na balaidh iochtaracha?
Freagra: Sár-triubhais.
Ceist: An raibh vie mhaith aige sa Fhrainnc taréis clú do bheith buaidhte aige?
Freagra: Vie.
Ceist: An raibh sé seal i Vichy?
Freagra: Vichy.
Seadh, Seadh, Seadh.
Amannai léighim filiocht. Caitheann sí aimsear agus nil sí comh costasach le pórtar, pictuirí potaiocht, cúl-chainnt, ithe-feola, suibaloidhche, cúl-éisteacht Radio, curadóireacht, gabháil-muisice, bainisteoireacht bainnce, teachtachas Dála, lon-éisteacht, dochtúireacht, pó
sadh, nó pé gairm-bheatha nó caitheamh-aimsire eile atá ar domhan.
An dán úd ar an Impire Alacsandar atá fágtha againn ag an láimh anaithnid, tá an rann so ann:
‘Do bí’, arsan treas ughdar glic,
‘An bith indé ag mac Philip;
Indiu aige nochan fhuil.
Acht seacht dtroigthe do thalmhain’
Nuair léigheas sin, smaoinigheas ar Landless Men na linne seo. An t-órdú contráilte atá ortha go fíor. Le linn a mbeo bíonn seacht dtroighthe de talmhain aca—oiread is dheanfas ionad tighe. Teacht lá a mbás agus a n-adhlactha, is leo an domhan uile. Táid rann-pháirteach sá chré go léir. Is mar an gcéadna domhan agus duine. Roinn na Talmhan is teideal don aireacht rialtais atá freagarthach agus ‘roinn’ an focal oparataibh i dtuairim na Landless Men. Feirmeóir ar bith a chastar ort, níl ag teastáil uaidh acht feirm mhór.
AN FHIRINNE SHEARBH
Le na thaisbeáint an rian gheár atá fágtha ag na Scannáin Aimeiricean-acha ar inntin ar nDaoine, éist le seo. Bhíos ar tram an lá fa dheireadh agus chúamair thar teach an Árd-Aighne (nó Attorney General).
Bhí beirt fhear oilte deas-labhartha ar mo chúl. ‘Do you see that house’ arsa fhearr amháin ‘that’s where the District Attorney lives.”
AN SCÉAL
Ag sco síos fáisnéis shuimiúil atá fálta agam ón Mhean-oirthear, mar a bhfuiltear na Tomáis, agus na Gearoidíní ag cogaint agus ag cogaíocht (le fada an lá) (mar deirtear ins na clísí). Acht ar dtús tuig go soiléir nach mbeadh a leithéid seo ceaduithe i mBéarla.
Bhí saighdiuir airithe ann darb ainim Peadar agus gidh go raibh an t-éadach Sacsanach ar a dhruim, bhí sé fior-ghaelach ’na chroidhe istig agus is i gCorchaig a chonnaic sé solus an lae i dtosach.
Bhí Peadar agus a chomraidí ar a gcomh-chosaint i gcampa i lár an fhásaigh gainnmhe agus ní raibh faic le déanamh aca acht fuireach ann go foighdeach go dtí go gcuirfí tús ar fuilteachas agus achrann.
Acht bhí an Peadar so mí-cheádfach; niorbh ghnás aige bheith díomhaoin agus níor thaithnig an saol socair suaimhneach so leis (in-aochor) (ná ar chor ar bith).
Bhí nós aige dá bhrigh sin ceamal a fháil agus ealodh amach i ndorchadas na h-oidhche as an gcampa agus lá nó dhó a chaitheamh ag fánaíocht ar fud an fhásaigh ag faire ar na h-éanacha, an aimsir nó aon ní eile abhí ion-fhairithe.
Cúis agallmha agus magaidh ag na saighduirí eile an nós eagsúil seo a bhí ag Peadar agus nuair tháinic an scéal ar eolas lucht ceannais an champa, dubhradar go neamh-bhalbh le Peadar nach raibh an seachránoidhche seo ceaduithe agus go raibh air fanacht sa champa agus a dhualgaisí míleata do chóm-líonadh mar bhí a dhéanamh ag cách eile.
TUILLEAMH
Acht ní fhéadfadh Peadar an mian mire seo do smachtú. Amach leis airís ar an gceamal an chéad oidhche eile. D’éirigh leis teacht arais airís slán acht an chéad uair eile a chuaidh sé amach, bhí sé seachtain as baile. Ar bhfilleadh do gabhadh é ag geata an champa, tugadh é í láthair na cúirte míleata agus fuair sé mí sa charcair.
Acht taréis tamaillín tionoladh dáil-chómhairle ag lucht ceannais an airm agus shocruigheadar fear do chur amach le spideoireacht do dheanamh ar an tír agus eolas do bhailiú ar suidhe agus ordú na nGearmánach. Chuimnigh Oifigeach éigin ar Pheadar agus d’ aontuigheadar go léir nach raibh éinne eile sa champa comh h-oilte ar a leithéid sin d’obair. Tugadh i láthair na cómhairle é agus minígheadh a dhualgaisí dhó. Annsin cuireadh ar mhuin cheamail mhaith é, tugadh gléas mors-radio dhó le na chuid teachtaireachtaí do chur abaile agus scaoileadh amach an geata e. Cailleadh Peadar as amharc ar imeall na spéire.
TUILLEAMH EILE
Bhí súil ag lucht an champa go gcluinfeadh siad scéala ón bhfánaí taréis trí lá nó mar sin acht ni raibh faic acht fíorchiúnas le clos ar an radio. D’imthigh lá agus lá eile.
D’imtigh seachtain gan aon scéala.
D’imtigh dhá lá eile agus fágadh lucht an champa beagnach briste.
Acht go mall trathóna, núair is lugha bhí coinne leis, bhíog an radio agus tháinic da fhocal Beárla uaidh:
‘ROMAL CEAPTUIRD’
Rith an nuaidheacht iongantach timpeall an champa le luas teinntrighe.
Thuit na buic mhóra beagnach i laige.
Annsain cuireadh na gunnaí móra agus na h-innil cogaidh i dtreo agus i n-ordú a ngluaiseachta. Dubhradh le gach fear bheith ollamh le mairseáil leis an gníomh mhór so do dhaingniú agus do chur i gcrích agus cromadh ar bheith ag éisteacht oidhche agus lá ag dúil go dtiochfadh sceála eile ón Radio. Acht ní tháinig. D’fhan an maisín balbh. Chuaidh lá tart agus lá eile. D’imthigh seachtain, bhí na h-oifigí anois beagnach ag rinnce le neart feirge agus cíocrais. Annsin go h-obann, labhair an Radió airís:
‘Last … mesids … siúd thábh … red ‘ceamal ruptiúrd’.
SEAM ÓLD DEÓC
Loc: Bothán ar Bhán-chnuic Éireann ó.
Am: An t-am go raibh Gaoidhil i nÉirinn beo.
Pearsain i láthair: Sur Tharbhaigh Baigineal, an óifisear obh de Cbhín, in ful réidiméinteals; Tadhg agus Taidhgín; Éamon a’ Chnuic; Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna; Séadna; agus Bran.
Sur Tharbhaigh: Aigh airéist iú, Éadbhart Hill, in de néam obh de Cbhín! Aigh bhas reidhding baigh—
Bran: Bhuf, bhuf!
Sur Tharbhaigh: Damhn, iú réibeal cur! Aigh bhas reidhding baigh ond théard iú méic fbhait samhndad leidhc a seidisius spíts. Thú ios dios péarson iú méintiond Shawn Brogue?
Seán Ó Duibhir: Cad é seo atá á rádh aige inonimadeel?
Éamon a’ Chnuic: Is follus gur chualaidh an phiast mise ag aithris mo chuid filíochta. “Sasanaigh do réabfainn mar do réabfainn sean-bhróg.”
Taidhgín: Thí bhas tócuing abamht boots, Sur.
Sur Tharbhaigh: Iú cean téil dat tú de Diuids. Éabharaighbodaigh thiar ios undar airéist. Aigh bhil títs iú tú bí dioslóigheal. Cbhuic meairts! (Ecseunt go dubhach.)
LITERALLY FROM THE IRISH
I was a day in Dingle and Paddy James, my sister’s man, in company with me and us in the direction of each other in the running of the day. A man he was that would not have a glass of whiskey long between the hands, or a pint of black porter either, without shooting them backwards; but he got no sweet taste ever on the one he would buy himself, and great would be the pleasure with him that another man should nudge him in the back to ask him to have one with him.
A time after that my brother Paddy moved towards me from being over there in Ameriky. There was great surprise on me he is coming from being over there the second time, because the two sons who were at him were strong hefty ones at that time; and my opinion was that they were on the pig’s back to be over there at all. On my seeing my brother on his arrival, there was no get-up on him—as would appear to any person who threw an opinion with him—save that it was in the woods he had spent his years yonder. There was no cloth on him, there was no shape on his person itself, there was not a dun-coloured penny in his pocket, and it was two sisters to him yonder who had sent him across at their own expense.
We had easy times then for a while, and the year that was in it, she was a fine quiet one. A lot of fish were being brought in by the big boats. The three boats were full to the tops, a day. Owing to the force of two men—my father and Patrick—being at us, there was a fine sight of it in the cabin. That was the first day of mine, I think, completely separated from being a mollycoddle, because a hard straining was taken out of my sides pulling the fish to the house with me in a bag down beyant on my back. A thousand fish had each single man on that particular day. That left two thousand to us. My father said that I had brought a thousand and more of them home.
—From ‘An tOileánach’, by Tomas Ó Criomhthain.
THE IRISH lexicographer Dinneen, considered in vacuo is, heaven knows, funny enough. He just keeps standing on his head, denying stoutly that piléar means bullet and asserting that it means ‘an inert thing or person’. Nothing stumps him. He will promise the sun moon a
nd stars to anybody who will catch him out. And well he may. Just take the sun, moon and stars for a moment. Sun, you say, is grian. Not at all. Dinneen shouts that grian means ‘the bottom (of a lake, well)’. You are a bit nettled and mutter that, anyway, gealach means moon. Wrong again. Gealach means ‘the white circle in a slice of a half-boiled potato, turnip, etc.’ In a bored voice he adds that réalta (of course) means ‘a mark on the forehead of a beast’. Most remarkable man. Eclectic I think is the word.
That, of course, is why I no longer write Irish. No damn fear. I didn’t come down in the last shower. Call me a bit fastidious if you like but I like to have some idea of what I’m writing. Libel, you know. One must be careful. If I write in Irish what I conceive to be ‘Last Tuesday was very wet,’ I like to feel reasonably sure that what I’ve written does not in fact mean ‘Mr So-and-So is a thief and a drunkard.’
Do I exaggerate? Not at all. For fun let’s look for a moment at a bit of somebody else’s Irish. One picks up that little print An Glór dated the 22nd January. (Glór, of course, just means ‘noise’—they are hinting there at the funny word ‘noisepaper’, I’ll go bail.) They have a few pars on the back page about the concert that was got up in the Capitol a few Sundays ago. Here’s how they open up:
Is rud nuadh ar fad cuirm cheoil siansach (symphony) a bheith ar siubhal in éinfheacht le cór Gaedhealach …
Note first of all the cautious gloss ‘symphony’. They half suspect the danger. But too late. Dinneen is already roaring at us. Let’s see just what all that Irish really means.